25 Feabhra 2011

mallacht ar an arracht



uir aniuil tarat

úir aineoil tharat

Is i nóta imill ar leathanach 101 sa Leabhar Breac a fuair mé na focail seo. Tá mé á mbaint as comhthéacs le go mbeidh siad mar mhallacht ar an arracht Qaddafi (nó cibé litriú is fearr leat):

Ná raibh d'uaigh sa tír a chéas tú!

Go raibh bás an díbeartaigh ortsa
agus ar do shliocht!

9 comments:

  1. Gonta, nimhneach. Mallacht le dealramh!

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin leat, gan dabht, go bhfuil beannacht ann a chríochnaíonn leis na focail “agus bás in Éirinn”. Ba chuid den bhánmhartra é an bás i bhfad ó bhaile. Dán an fhile é sin freisin uaireanta:

    “Murió el poeta lejos del hogar,
    le cubre el polvo de un país vecino.”


    Fuair an file bás i bhfad ó bhaile,
    chlúdaigh an chré de thír eile é.

    ReplyDelete
  3. Shíl me gurbh comharsan "vecino"?

    Tá an beannacht úd agam - nath óil de chuid na géanna fiána.

    ReplyDelete
  4. Is fíor duit: is ionann "vecino" agus "comharsa" (mar ainmfhocal) agus "comharsan" (mar ainmfhocal sa ghinideach = aidiacht), ach shíl mé go raibh "tír eile" sách gar agus níos fearr sa líne sin.

    ReplyDelete
  5. Tá, cinnte. Is dócha nach samhlaím "lejos" le "vecino"! (Is Eorpach mé - níl na comharsan riamh ró fhada ó láthair!)

    ReplyDelete
  6. Ba Spáinneach, ámh, a scríobh an dán. Ach is tír sách mór í.

    ReplyDelete
  7. Fíor sin. Ach teorainn soiléire.

    ReplyDelete
  8. Más sa Fhrainc a fuair Spáinneach bás ag an am sin, bhí sé i bhfad ó bhaile in a lán dóigheanna. Bhí Antonio Machado, an file seo, beo ó 1875-1939. Mar a tharla, is i gCollioure, díreach trasna na teorainne sa Fhrainc, a fuair sé bás, tar éis dó teitheadh ó fhórsaí Franco.

    ReplyDelete