17 Feabhra 2011

na corra inniu


Cliceáil...

Feicim na corra áitiúla (Ardea herodias, an chorr mhór ghorm) go minic cois an locha anseo. Bíonn siad ina n-aonar de ghnáth, nó bíonn achar sách mór eatarthu, ós ag iascaireacht atá siad. Ach chonaic mé rud neamhghnách inniu, naoi gcinn acu le chéile ar an mbruach gan faic á dhéanamh acu... go follasach ar aon nós.



In ainneoin an tsolais sna pictiúir seo, lá scamallach a bhí ann den chuid is mó, agus fuar.

4 comments:

  1. Níl a fhios agam nach iad na corra na héin is ansa liom. Ná ní dóigh liom gur éan corr mé á rá sin.

    ReplyDelete
  2. Tá aighneas ar siúl abhus anseo le cúpla bliain anuas idir “lucht na gcorr” agus “lucht na n-iolar”. Tá an t-iolar maol (ceannann atá sé dáiríre), speicis a bhíodh i mbaol, ag teacht ar ais sa limistéir seo. Tá go maith agus níl go dona ... ach amháinn go n-itheann na hiolair scálltáin na gcorr. Níl na corra i mbaol, ach mar sin féin...

    ReplyDelete
  3. An-dheas.

    Mór an trua go bhfuil “lucht na gcorr” agus “lucht na n-iolar” in adharca a chéile fós.
    Fág cúrsaí mar seo faoi nádúr.

    ReplyDelete