12 Feabhra 2011

sanasaíocht ghreannmhar



Sanas Cormaic, # 919:

Mala .i. moo a lló oldás in t-édan

Mala .i. is mó a ribí ná an t-éadan

I bhfocail eile, tagann “mala” ó “mó-ló” toisc go bhfuil níos mó ribí gruaige ansin ná in aon áit eile ar an aghaidh. Dar le Cormac. Focal Sean-Ghaeilge is ea “ló” a chiallaíonn “ribe; ribe olla; olann”. Níl mé cinnte, ach ní dóigh liom go bhfuil aon rian de fágtha sa teanga.

2 comments:

  1. Tha "lo" ann an Dwelly, = "badan ollainn" ged 's math dh'fhaodte nach eil e cinnteach gur e siud am facal ceudna.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, Gary! Tá mé cinnte gurb é an focal céanna atá ann. Feicim go bhfuil cros bheag in aice leis san fhoclóir, á rá linn go bhfuil sé “obsolete”. Níl a fhios agam cá bhfuair sé é. Folúsghlantóir a bhí i nDwelly!

    ReplyDelete