05 Meitheamh 2011

“do na déithe uile”


Méadaigh, led thoil!

Seo grianghraf eile ón Róimh. Is dóigh liom go bhfuil an spás seo, a cruthaíodh tuairim is 1,885 bliana (!) ó shin, ar cheann de na spásanna is cumhachtaí ar domhan. Is eaglas Chaitliceach é le fada an lá, ach creidim go bhfuil sé níos mó ná sin. An Pantheon a thugtar air, nó i nGréigis Πάνθειον, “do na déithe uile”.

4 comments:

  1. Go deimhin, Dennis. Agus duine sa Róimh ní foláir cuairt a thabhairt ar An Séipéal Sistíneach agus ar an bPanteon. Lón bia iad don tsúil agus don anam. Níl a macasamhail áit ar bith eile. Chun an plód a sheachaint is fiú áit a chur in áirithe do chuairt tráthnóna na hAoine más ar an Séipéal atá do thriail.

    ReplyDelete
  2. Cuairt le grúpa beag tar éis am dúnta Mhúsaem na Vatacáine a rinne muid, ceart go leor. B'fhiú an t-airgead é bheith ann mar sin, beagnach nár n-aonar.

    ReplyDelete
  3. Is dócha go bhfuil a fhios agat Dennis, go ndearnadh as coincréit é an síleáil sin.
    Léigh mé gur choinnigh teaghlaigh Rómhanacha áirithe oideas na coincréite faoi rún. I ndiaidh titim na himpireachta, cailleadh an t-oideas ar feadh míle bliana.

    Tá nios mó uisce i gcoincréit tirim ná atá i gcoincréit fhliuch.

    Rud suimiúil é coincréit.

    ReplyDelete
  4. Ar ghlac tusa an griangraf sin, a Dennis? Tá sé go hálainn.

    Bhí mé sa Phantheon anuraidh, liom féin, nuair a thosnaigh cór áitiúil ag canadh. Thit tost tobann ar na turasóirí, agus bhí an fhuaimíocht chomh binn soiléir. Níor aithnigh mé na hamhráin go dtí gur thosnaigh siad ar Panis Angelicus, a chuir mo sheanmháthair go láidir i gcuimhne dom. Tá cumhacht fós ar na sean-amhráin Laidineacha sin, táim a rá leat.

    ReplyDelete