02 Meitheamh 2011

“Leabhar Beag na nDathanna”



Cén fáth a mbíonn craiceann Robert Mugabe chomh lonrach seo i gcónaí? Is minic a chuir mé an cheist seo orm féin. Tá an freagra agam anois, a bhuí leis an leabhar beag seo a cheannaigh mé le léamh ar an eitleán.



“En Afrique, où il est important d’avoir la peau brillante et luisante (soit naturellement, soit artificiellement), la peau mate et sèche des Européens est vue comme maladive.”

“San Afraic, mar a bhfuil sé tábhachtach craiceann lonrach dealraitheach a bheith agat (go nádúrtha nó go saorga), creidtear go bhfuil craiceann tirim neamhlonrach na nEorpach easlán.”

Tá an sliocht seo thuas as an gcaibidil ar le blanc, an dath bán. Seo sliocht eile as an gcaibidil chéanna atá bainteach leis an nGaeilge:

“Ils [nos ancêtres] distinguaient même le blanc mat du blanc brillant: en latin, albus (le blanc mat, qui donne en français « albâtre » et « albumine ») et candidus (le brillant, qui a donné « candidat », celui qui met une robe blanche éclantante pour se présenter au suffrage des électeurs).”

“Rinne ár sinsir idirdhealú ar bhán neamhlonrach agus bán lonrach: sa Laidin, albus (an bán neamhlonrach, a thugann dúinn ‘albâtre’ [albastar] agus ‘albumine’ [albaimin] sa Fhraincis) agus candidatus (an bán lonrach, a thug dúinn ‘candidat’ [iarrthóir], an duine a chuireann an fhallaing [.i. toga] bhán lonrach air féin len é féin a chur os comhar na dtoghthóirí).”

Séard atá i gceist, ar ndóigh, ná an difríocht idir “bán” agus “geal” sa Ghaeilge!

7 comments:

  1. Ah, ní féidir an bán a chuir ina gheal ortsa riamh!

    ReplyDelete
  2. Suimiúil. Is coitianta an rud é i dteangacha éagsúla go mbíonn critéir eile seachas an dath féin i gceist sna téarmaí a chuirtear ar dhathanna.

    ReplyDelete
  3. @ Michal - Tá cuid mhaith le rá ag an údar faoi sin freisin. Is iontach an méid atá le rá aige ar ábhar na ndathanna. Tá cúpla ceann dá chuid leabhar ar fáil i mBéarla:

    Blue: The History of a Color
    Black: The History of a Color
    The Devil's Cloth: A History of Stripes

    ReplyDelete
  4. Rud spéisiúl ná gur chomhartha drochshláinte é craiceann lonrach san iarthar anois, ie fiabhras, daoine nach bhfuil aclaí, allais fheoil!

    ReplyDelete
  5. Is fíor duit, a Choilm. Agus GRMA as an nóta seo. Is dá bharr a fuair mé do bhlagsa!

    ReplyDelete
  6. Agus bhí mise den tuairim riamh gurbh é an t-allas a bhí ag lonrú ar a chraiceann!

    ReplyDelete