27 Meitheamh 2011

Pléann na manaigh eagna.


Cliceáil le méadú.


Manach a haon: Is fearr eagna

Manach a dó: ... ná maoin.

Manach a trí: Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin.

Tá an chéad ráiteas, “Ferr ecnae n-anaib” (nó “Is fearr eagna ná maoin”) le fáil sa chnuasach “Bríathra Flainn Fhína maic Ossu”. Tagann freagra an tríú duine ó Chóheilit 7:11 sa Bhíobla: טובה חכמה עם־נחלה, freagra atá níos gonta san Eabhrais ná mar atá sé sa Ghaeilge. Is ionann “oidhreacht” agus maoin a thiteann ar dhuine. I bhfocail eile, níl eagna leis féin chomh maith le heagna in éineacht le hairgead, mar “tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid”.

12 comments:

  1. Ana dheas.

    Ach is maith liom an véarsa ina dhiaidh:
    Cóh 7:12 Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.

    ReplyDelete
  2. Is túisce tuiscint ná eagna agus ní thuigim... :(

    ReplyDelete
  3. Nath Sean-Ghaeilge a chuir mé i mbéal na chéad bheirte, a bhíonn ar aon intinn i gcónaí:

    Is fearr eagna (.i. ciall) ná airgead.

    Freagraíonn an tríú manach, an t-éan chorr, le sliocht as an Sean-Tiomna:

    Tá eagna go maith ach is fearrde duine eagna AGUS airgead!

    ReplyDelete
  4. Ach ní hionann 'oidhreacht' agus 'airgead' amháin:

    something that comes or belongs to one by reason of birth;

    Ó dictionary.com a tháinig an líne sin. Mar sin féin, chaithfí chuile oidhreacht a láimhseáil le cúram, agus le heagna, is dócha...:-)

    ReplyDelete
  5. "Erbgut" atá ag Luther don véarsa sin, i rud a fuarthas le hoidhreacht seachas tréith.

    Seachas sin, is fíor duit - ní mór do dhuine a oidhreacht a shealbhú chun tairbhe a bhaint as. Agus gan eagna, is deacair sin a dhéanamh!

    ReplyDelete
  6. Tá sé chomh maith againn súil a thabhairt an bhfocal Eabhraise. Seo iad na sainmhínithe ó dhá fhoclóir. Is cosúil nach buanna pearsanta atá i gceist, ach úinéireacht:

    נחלה

    something inherited, that is, (abstractly) occupancy, or (concretely) an heirloom; generally an estate, patrimony or portion

    possession, property, inheritance, heritage
    a. property
    b. portion, share
    c. inheritance, portion

    ReplyDelete
  7. Mar a deireadh comhghleacaí Gearmánach liom: Besser reich und gesund als arm und krank!

    Is fearr a bheith saibhir agus sláintiúil ná bocht agus breoite.

    Nach soiléir agus loighiciúil an méid sin?

    An é gur chleas Críostaí é an pobal a mhealladh trí bhíthin mearbhaill intinne i mbréagchrutha na críonnachta?

    ReplyDelete
  8. @ Agus gan eagna, is deacair sin a dhéanamh!

    ASG!

    ReplyDelete
  9. mearbhall intinne i mbréagchrutha na críonnachta?

    B'fhéidir nach raibh ann ach “silíní searbha” ó scoláire bocht!
    ;-)

    ReplyDelete
  10. a Dennis
    gabhaim buíochas le Mor go bhfuil do bhlag ann leis a chian abhaint!!!

    ReplyDelete
  11. Tá áthas ormsa go féidir linn beagán cur is cúiteamh a dhéanamh anseo ó am go chéile!
    :-)
    Ach cogar, cé hí Mor, nuair atá sí sa bhaile?

    ReplyDelete
  12. Mór dún Mhóire, sílim? Céile Dhonncha ;-)

    ReplyDelete