22 Lúnasa 2011

An féidir libh é seo a thuiscint?


Seo nóta imill a d'fhág scríobhaí éigin ag barr leathanach 129r sa lámhscríbhinn D ii 1 (Leahbar Ua Maine) atá anois i leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá na litreacha an-soiléir agus is féidir liom an téacs a scríobh amach gan dua, ach ní thuigim ach cuid de. Céard atá mo dhuine ag rá?




Cliceáil le méadú.
Nod libh go ndéanann an téacs rádal ó íomhá go híomhá.

Ata amar againne dõ loirg sin bis fad
racaibh na bith na õg ag aibhsi
macais is cais ra* aghaidh

* nó “sa”?

Is dóigh liom gu seasann “dõ” do “do na”. Ní féidir liom “õg” a scaoileadh fós. Is dóigh liom gurb ionann “fad racaibh” agus “faoi do rácaibh”. Tá cúpla smaoineamh eile agam, ach ba mhaith liom an téacs a chur faoi bhur mbráid díreach mar atá sé ar dtús.

Aguisín:

amar

1) amhar = amhrán
2) ámhar = ámharach

na õg

= na n-óg (?)

ag aibhsi

1) aidbse = some kind of singing or chanting; “aidbsi dano ainm in chiúil nó in chronáin dognítis irmor fer nErenn in tan sin” (DIL s.v. “aidbse”)

2) aidbsiu = relating, reciting, setting forth; showiness, ostentation (DIL s.v. “aidbsiu”)

3) aidbsiugad = increasing, magnifying, exagerating (DIL s.v. “aidbsigid”)

4) aibsigh = enlarge (on); emphasize (FGB)

2 comments:

  1. An mbaineann an téacs sa lámshcríbhinn leis an nóta seo?
    Nó an raibh comhrá príobháideach ar siúl idir an scríobhaí agus fear eile in aice leo?
    An bhfuil a fhios agat -- cad é 'an loirg sin" ?

    ReplyDelete
  2. Má tá baint ag an nóta seo leis an téacs, ní fhecim í. Séard atá ar an leathanach seo ná cuid den scéal faoin gCúigear Lughaidh agus an Flaitheas a tháinig chucu i riocht chaillí. Tosaíonn an téacs ag barr an leathanaigh mar seo:

    Faidis Lugaid Laegde le tar ceann bidh 7 leanda iarsin. Luid immorro in cailleac[h] isan toilg finndruine, 7 luid Mac Nia ina deaid isin toilg...

    ReplyDelete