25 Lúnasa 2011

Na Manaigh san Alsáis & sa Lorráin



Tá an Triúr Manach líofa i dteangacha áitiúla na hAlsáise agus na Lorráine anois, a bhuí le Pascal Curin agus a chuid cairde. Is teangacha/canúintí Gearmánacha an chéad dá cheann, agus teanga/canúint Fhrancach an tríú ceann. Is dócha gur canúintí iad, ó nach bhfuil arm ná cabhlach acu, mar a dúirt Max Weinreich:

.אַ שפּראַך איז אַ דיאַלעקט מיט אַן אַרמיי און פֿלאָט
A shprakh iz a dialekt mit an armey un flot.




Maidir leis an triúr manach sa ghreanadh adhmaid thuas, is é Jost Amman a chum iad don leabhar Eygentliche Beschreibung Aller Stände auff Erden a scríobh Hans Sachs agus a foilsíodh sa bhliain 1568. Seo é an téacs, a deir go raibh na manaigh i bhfad níos diaganta fadó (.i. roimh 1568!). Nach mar sin a bhíonn sé i gcónaí? B'fhéidir gur mhaith le hAonghus nó le Fergus Gaeilge a chur ar na línte seo.

Wir Münich vor uralten jarn,
Einsidel und Waldbrüder warn,
Lagen in andechting Gebett,
Mit fasten, wachen, frü und spet,
Hofften dardurch selig zu werdn,
Doch lebn wir jetzt anderß auff Erdn,
Mancherley Orden, Rott und Sect,
Da nicht viel Geistes innen steckt.

3 comments:

  1. Dul in iomaíocht le Hans Sachs? Deacair!

    Sagart óir agus cailísí crainn
    A bhí le linn Phádraig in Éirinn;
    ach sagairt chrainn agus cailísí óir
    I ndeireadh an domhain dearóil.

    Oilivéar Naofa Pluincéad

    Iarracht:

    Muide manaigh bhíodh seal
    inár ndíseartaigh sa bhfásach
    Ag luí go cráifeach ag urnaí,
    Ag troscadh is ag faire, de ló is d'oíche
    Ag súil naofacht a bhaint,
    Ach ní mar sin dúinn ar an Saol anois,
    Is iomaí Ord, Cumann is aos
    atá gann ar Spiorad laistigh

    Maidir leis ana leaganacha, ní raibh mé in ann ag an Lorráinis.

    ReplyDelete
  2. Sonas ort, a Aonghuis!

    Sea, tá an Lorráinis deacair, níos deacra domsa ná an Alsáisis - agus tá mo chuid Fraincise i bhfad níos fearr ná mo chuid Gearmáinise. Ní minic a bhíonn sean-teangacha na Fraince le feiceáil nó le cloisteáil. Rinne “Páras” an-jab tar éis na Réabhlóide ag cur na Fraincise Chaighdeánaí chun cinn agus ag scrios na dteangacha áitiúla.

    ReplyDelete
  3. An-spéisiúil ar fad agus jab deas déanta ag Aonghus.

    Tá an Alsáisis agus an Réin-Fhrancóinis an-chosúil leis na canúintí faoi seach ar an taobh eile den teorainn.

    Tráth den saol nuair a bhínn i Saarbrücken go minic bhí aithne agam ar Lothringer (Lorránach) a bhíodh ag comaitéireacht anall thar an teorainn. Deireadh sé go raibh an Réin-Fhrancóinis ag meathlú go láidir. Ba í an Fhraincís an teanga stádais i measc na ndaoine óga agus ní raibh sa Réin-Fhrancóinis ach teanga mamó. Chuir sin an Ghaeltacht i gcuihmne dom!

    ReplyDelete