16 Meán Fómhair 2011

Agus chuir sí cloch mhór ina bhéal.



Fuarthas an chreatlach seo i gKilteasheen ¹ in aice le Loch Cé. Adhlacadh an fear seo am éigin san ochtú haois. An rud a chuir ionadh ar na seandálaithe a fuair é ná an chloch mhór a bhí dingthe ina bhéal. Fuair siad corp eile le cloch ina bhéal in aice leis an gceann seo. Adhlacadh thart faoin am céanna iad. Fuair mé an grianghraf thuas anseo.

Chuir mé nasc leis an alt chuig na daoine ar Old-Irish-L ar maidin. Scríobh Neil MacLeod ar ais láithreach leis an bpíosa seanchais seo as Cáin Adomnáin.

Naomh a bhí in Adhamhnán, agus mac gor ². Ach ní raibh a mháthair sásta leis ar chor ar bith. Bhí mná na hÉireann cosúil le sclábhaithe ag an am sin, agus shíl máthair Adhamhnáin gur raibh sé mar dhualgas ar a mac naofa iad a shaoradh. Ach ní raibh seisean cinnte faoi sin.

fogeib cloich

“Maithi tra, a Adomnáin,” or sí. “Hifechta is duit-siu doratath mná íarthair domuin do hsóerath. Ní raga deog ná bíad it béolu-su co rohsóertar mná duit.”
“Ní rubai in béo cen bíath,” ar Adomnán. “Día n-acet mo súili-siu, rigfet mo lámu ar a cent.”
“Sech ní aicfet do súili-siu ní roisit do láma.”

“Tá go maith, a Adhamhnáin,” ar sise. “Tugadh duit anois mná iarthar an domhain a shaoradh. Ní rachaidh deoch ná bia i do bhéal-sa go dtí go saorfar na mná leat.”
“Ní raibh éinne beo gan bhia,” arsa Adhamhnán. “Má fheiceann mo shúile é, sínfidh mo lámha ina threo.”
“Ach ní fheicfidh do shúile agus ní shínfidh do lámha.”

Ocus fogeib cloich diarba lán a ddorn frisa mbenta tene. Focherd il-leithóil a meic, conid furri búi sásad dó etir bíad 7 digh.

Agus thóg sí cloch thine a bhí chomh mór lena dorn. Chuir sí i bpluc a mic í, le go mbeadh an chloch sin aige mar bhia agus deoch.

Chuir sí slabhraí air ansin agus chuir sí faoi uisce Loch Súilí é, an créatúr! Tháinig sí ar ais i gceann ocht mí, agus dúirt:

“Mo maccán-sa suut,” ar sí-si, “amail bís ubull for tuind. Becc a greim hi talmain, nitá itge i nim, sech rolosc sál, rocacsat fóilinn na farce 'na chenn. Atchíu ní sóertha mná béos de.”

“Mo mhacán-sa siúd,” ar sise, “cosúil le húll ar thonnta. Is beag a ghreim ar an talamh, níl paidir aige ar neamh, mar loisc an tsáile é agus chac faoileáin na farraige ar a cheann. Feicim nach bhfuil na mná saortha aige fós.”

Bhuel, ní raibh a chuid trioblóidí ach ag tosú! Ach bhí an bua ag a mháthair faoi dheireadh thiar thall, agus shaor sé mná na hÉireann.

1 Tá ainm Gaeilge na háite seo “le deimhniú” dar le logainm.ie.

2 gor = (lit.) filial; pious, dutiful (FGB); mac gor = mac a chothaíonn a thuismitheoirí ina seanaois

2 comments:

  1. Píosa deas seanchais. Más buan mo chuimhne bhí feabhas ar dán na mban de bharr an reacht a bhfuil a ainm air. i. Cáin Adomnáin.

    ReplyDelete
  2. Nó an é go raibh clocha sa mhuinchille ag duine éigin dóibh?

    Píosa an-spéisiúil ar fad.

    ReplyDelete