06 Meán Fómhair 2011

Gearmáinis Phennsylvania


Feirmeoir Amanach

Tar éis do William Penn an choilíneacht nua darbh ainm Pennsylvania a bhunú sa seachtú haois déag, an dá phobal is mó a chuir futhú inti ná Gearmánaigh agus Albanaigh Ultacha (nó Scotch Irish, mar a thugtar orainn i Meiriceá). Choinnigh na hAlbanaigh Ultacha, a raibh cáil na fánaíochta agus na teasaíochta orthu, choinnigh siad orthu ag aistriú ó áit go háit, siar agus ó dheas i gcónaí. Mhair na Gearmánaigh go síochánta mar a raibh siad i bPennsylvania. Agus lean siad orthu ag labhairt a gcuid Gearmáinise féin (Pfälzisch, le bheith cruinn).

Dála a lán mionteangacha eile, tá Gearmáinis Phennsylvania ag fáil bháis anois, cé go bhfuil sí á labhairt fós in áiteanna, go háirithe i measc na nAmanach (Amish) a bhfuil cumann dúnta dá gcuid féin acu.

Tá suim ar leith ag na Manaigh i mionteangacha, áfach, agus tá a scéal féin le fáil i bPennsilfaanisch Deitsch anois, a bhuí le Michael Werner , Gearmánach a thit i ngrá leis an teanga seo.


Michael Werner

Drei Parre sinn in der Busch gange fer iwwer Gott un die Welt denke un fer all ihr Sinde biesse.
Fer en ganz Yaahr henn sie kenn Watt net gschwetzt zu enanner.
All uff emol hot der erscht Parre zum zwett Parre gsaat: “Mir duhn en guuder Tschabb, gell?”
En Yaahr naach sellem hot der zwett Parre geantwatt: “Ferschur! Du bischt recht!”
Noch en Yaahr hot’s gnumme, do hot der dritt Parre gsaat:
“Buwe, wann dihr net schtill seid, loss ich eich leenich do hocke!”


2 comments:

  1. Ana dheas. Schwab ab ea mo chéad saoiste. Nuair a bhí sé thall i gCoillte Phenn tráth bhí ar an chumas comhrá gan stró a dhéanamh leis na hAmanaigh (maith agat as an bhfocal sin).

    Tá an giota thuas sách soléite agamsa, fosta. (Ach nach sagart/ministir Parre ó cheart?)

    ReplyDelete
  2. @ 'You get a different approach to the culture of another country if you speak their dialect.”

    Is maith liom an ráiteas sin uaidh..:-)

    ReplyDelete