18 Meán Fómhair 2011

ogham ar shráideanna Seattle




Baineadh geit asam cúpla lá ó shin nuair a chonaic mé veain oráiste ag dul tharam agus litreacha móra san ogham-chraobh scríofa uirthi. Bhí mé ag siúl, mar is iondúil, agus chuaigh an veain as radharc go sciobtha. Ach shíl mé go bhfaca mé na focail Lockhart Silver scríofa uirthi freisin. Ní raibh sé agam go baileach, ach bhí mé in ann iad a aimsiú ar an idirlíon mar sin féin.

Comhlacht tógála is ea iad, saghas high end (.i. costasach) de réir dealraimh. Ainm an chomhlachta atá scríofa acu in ogham. Agus rinne siad i gceart é, bail ó Dhia orthu.

Ag teacht go luath anseo: an téacs is faide dár scríobhadh riamh san ogham-chraobh! Seo réamhbhlas de:


4 comments:

  1. Cool! Tha mise ag iarraidh ogham a chleachdadh ann am figheadh (knitting). Cuiridh mi photo thugad nuair a dèan mi sin... :)

    ReplyDelete
  2. Déanta na fírinne, dar liomsa, is cuma foirfe nó fabhtach an Oghamchraobh, is álainn mar íomhá é.

    ReplyDelete
  3. Sea, go deimhin. Níl an litir X baileach ceart acu, mar shampla, ach is cuma. (Ba cheart don droim - an líne a shíneann ó bhun go barr - a rith trí lár na litreach sin.)

    ReplyDelete