17 Deireadh Fómhair 2011

aontoiseach vs. déthoiseach


An Ghluais:

aontoiseach = one-dimensional
déthoiseach = two-dimensional

Is cosúil go bhfuil an saol mór a mháthair cleachta faoin am seo leis na giorrúcháin a úsáidtear i dtéacsáil. Más Béarlóir atá ag téacsáil, is féidir go bhfaighfeá:

B4N
bye for now

BHL8
be home late

CYA
see you

Tá na giorrúcháin seo aontoiseach. Tá píosaí ann, litreacha agus uimhreacha, agus leanann siad a chéile i líne dhíreach. Níl rogha ar bith eile ann.

Na giorrúcháin a bhíodh in úsáid ag ár sinsir ina gcuid lámhscríbhinní, áfach, is minic nach aontoiseach a bhí siad ar chor ar bith. Carntar na píosaí sách minic, agus úsáidtear leathphíosaí freisin. Giorrúcháin déthoiseach is ea na cinn seo a leanas:

eter (eadar, idir)
et + r (a bhfuil an t-íslitheach céanna acu beirt)
+ stríoc ghiorrúcháin os a gcionn

uaire
u + ar + i os cionn + e leath-scríofa

seacht
s + (e/a)cht
NB: is ionann -(e/a)cht an litir ‘s’
le stríoc ghiorrúcháin os a cionn

iarum (iaramh)
i + ar + stríoc chuar os a gcionn
NB: is ionann stríoc chuar agus -(a/u/o)m

4 comments:

  1. Bhuel, níl le déanamh anois ach cód Unicode do na nod seo a éileamh, agus beidh sibh in inmhe scríobh leo. Ach is fada mé ó bheith eolach go leor do na noid seo! (Tá clónna ag Vincent le cuid acu, ach is dócha go raibh tú ar an eolas faoi sin)

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil tá nod aon toiseach nó dhó ann sa Ghaeilge anois, fearacht a #ce, nó an8

    ReplyDelete
  3. Mar a deirtear an focal Béarla abhus - hash. (Pound sign a thugann sibhse air, nach ea? Rinne mé dearmad ar sin)

    ReplyDelete