04 Deireadh Fómhair 2011

friss?



Seo ceann eile do na daoine ar Old-Irish-L atá páirteach i dtogra na nod. Is as “Mesca Ulad” in Leabhar na hUidhre don fhocal thuas, san abairt seo (línte 1507-8 san eagrán le Best & Bergin) :

Ro láiset íarom Ulaid a tech tara cend co torchratar tri chét fón tig din tslóg ro buí friss anechtair.

ro buí friss anechtair = a bhí lasmuigh de / ar an taobh amuigh de

Ceist: cad é go díreach an comhartha atá os cionn na litreach ‘f’ ?

3 comments:

  1. 'ri' ceapaim. Tá sampla eile ar LU M23 E25 leathanach 119 trí líne ó bhun an leathanaigh -- 'frisin flaith'

    ó Fáistiní Airt Meic Cuinn --
    'Mo labra ní lim
    acht frisin flaith find'

    ReplyDelete
  2. Gabh mo leithscéal -- an chéad cholún

    ReplyDelete
  3. Trí shamplaí eile ar an lámhscríbhinn céanna ar leathanach 133, an dara colún, an leath íseal -- frissa, friss agus fri fothud (Best and Bergin a dúirt).
    Dúnfaidh mé mo chlab anois.

    ReplyDelete