21 Samhain 2011

pareidolia, cuid a dó


Níl a fhios agam an raibh an focal “pareidolia” ag Giotto, ach is léir gur bhain sé sult as imirt leis. An bhfeiceann tú an aghaidh sna scamaill sa fhreascó seo:


Tá sé níos éasca a aithint sa ghrianghraf gar-amhairc seo:


Dar le Chiara Frugoni, an staraí ealaíne a scríobh faoi seo le déanaí, próifíl an diabhail atá ann. Níl a fhios agam cé a bhí ar intinn Giotto nuair a tharraing sé é, ach tá mé cinnte go ndearna sé d'aon turas é.

3 comments:

  1. Ba mhinic ealaíontóirí ag cur daoine a chuir olc orthu isteach i bpictiúr mar deamhain nó a leithéidí. Tharlódh sé gur duine cumhachtach a bhí i gceist anseo agus gur theastaigh uaidh bheith in ann é a shéanadh.

    ReplyDelete
  2. "...agus gur theastaigh uaidh bheith in ann é a shéanadh."

    Hmmm... níorbh é rialtas SAM, mar sin, a chéadchleacht ealaín na h-inséantachta ionsuite!! ;-)

    ReplyDelete
  3. Deirtear, áfach, nach féidir an íomhá seo a fheiceáil ó urlár an teampaill. Ar a shon féin a rinne Giotto é mar sin, is dócha: greann/díoltas príobháideach.

    ReplyDelete