19 Eanáir 2012

Cá bhfuil an bhithmhais?


Cliceáil le méadú.

Ar dtús, ba cheart dom a mhíniú gurb ionann “bithmhais” agus “biomass” de réir focal.ie. Nó i bhfocail eile, cá bhfuil na crainn? Nuair a thugtar bithmhais ar chrainn, is minic a bhíonn an bhéim ar charbón, ar asú carbóin, agus ar cheapadh carbóin.

Caith súil anois ar an gcúinne uachtarach ar thaobh na láimhe clé den léarscáil. Stát Washington é sin, mar a bhfuil an glas an-dorcha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil neart bithmhaise againn. The Evergreen State a baisteadh air i bhfad ó shin. Cén fáth an bhfuil muid chomh glas? Toisc go bhfaigheann muid a lán báistí agus sneachta, agus toisc go bhfásann na foraoisí ard agus dlúth.

Ní “evergreen” ach "emerald" nó “iathghlas” an aidiacht a churtar ar Éirinn, tír fhliuch eile. Cá bhfuil an chuid is mó den bhithmhais in Éirinn? San fhéar? Sna crainn? Nó sna portaigh mhóna? An bhfuil bithmhais na hÉireann ag fás nó ag cúlú?

4 comments:

  1. Ní sna crainn, pé scéal é.
    Fraoch agus aiteann shamhlóinn.

    Ní maith liom an focal bithmhais. Ag amharc ar na plandaí mar foinse fuinnimh amháin a bhítear go hiondúil & an téarma in úsáid.

    Níos lú fuinnimh a chuir amú an fhreagra, ní foinse eile.

    ReplyDelete
  2. Bhí sna crainn fadó, tá ort smaoinigh gur lonnaigh na Lochlanaigh i mBaile Átha Cliath agus níos faide ó dheas mar go raibh i bhfad barraíocht oibre le baint na gcrainn ar an gcósta ó Dhoire chomh fada linn anseo i nDubhlinn.

    ReplyDelete
  3. Gan trácht ar an meatán (CH4) sna caoirigh chéanna!

    ReplyDelete