01 Bealtaine 2012

dátheangachas abú!


le Bado (= Guy Badeau)

Tá cúis eile againn anois le comhghairdeas a dhéanamh linn féin!  Deir an staidéar nua seo, Bilingualism and the Brain: Subcortical Indices of Enhanced Executive Function ó Northwestern University go bhfuil muid níos cliste toisc go bhfuil (ar a laghad) dhá theanga againn!  Tá achoimre den staidéar le léamh anseo.

1 comment:

  1. GRMA as an taighde siúd a chur ar ár súile dúinn.

    Ní cúngaigeantacht go cúngaigeantacht an aonteangaigh, is dócha.

    Ar aon nós, cuireann do bhlagmhír comhrá i gcuimhne dom a bhí agam roinnt blianta ó shin le duine a dhíolann áiseanna éisteachta - atá i bhfad níos soifisticiúla sa lá inniu ná a bhíodh síad tráth dá raibh. Mhínigh sé dom nach leor áis éisteachta a thabhairt do dhaoine atá bodhar le tamall maith anuas le go dtuigfeadh siad i gceart a bhfuil á rá ag daoine eile mar go gcaitheann siad ar dtús dul i dtaithí arís ar na fuaimeanna agus conas iad a dhíchódú san inchinn.

    ReplyDelete