13 Bealtaine 2012

faoi dheireadh thiar thall


cliceáil

“Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.”
Íseáia 7:14

5 comments:

  1. Tá cuimhne cinn agam, bíodh mé ceart nó mícheart, go bhfaca mé líne scríofa i leabhar éigin, agus mé ar an meánscoil (fadó fadó fadó!) 'Is í Gaeilge teanga ár dTiarna; ní thuigeann an diabhal í.'

    Ar ndóigh, b'fhéidir gur rámhaille atá ansin uaim, ach tá rud éigin faoin nGaeilge agus Dia i mo chloigeann...

    ReplyDelete
  2. Ach, a Áine, tá an méid seo le léamh in Auraicept na nÉces:

    "Cid ara n-epir comad borb fiadh Dia inti legas in Gaedhelg?"

    Cén fáth a ndeirtear go bhfuil an té a léann Gaeilge borb i bhfianaise Dé?

    An Béarla a chuir George Calder air seo ná:

    Why is he who reads Irish said to be unruly in the sight of God?

    ReplyDelete
  3. Cén fhreagra a tugadh ar sin?

    ReplyDelete
  4. Tá freagra ann, ach ní thuigim é. Ní an teanga atá mé a rá, ach an loighic. Tig leat iarracht a thabhairt ar a chuid réasúnaíochta a thuiscint anseo, ag tosú ag bun an leathanaigh.

    ReplyDelete
  5. Tá a chuid fealsúnachta ró dhorcha dom is baolach. Seachas más é atá i gceist aige nach meánn aon ghaois daonna brobh i súile Dé.

    ReplyDelete