12 Meitheamh 2012

croí an bhaincéara


Transcendence le Masayuki Nagare

Ba le Bank of America le fada an plás ina bhfuil an dealbh seo suite in San Francisco.  Transcendence an teideal oifigiúil atá uirthi, ach tugann chuile dhuine Banker's Heart uirthi.  Fuar, dubh agus crua. An raibh dea-theist ar bhaincéir riamh ó thús an domhain? Is cosúil, de réir na hanailíse a léigh mé ar an New York Times anocht, gurb iad na baincéirí (arís) a bheas thuas leis an tarrtháil nua a fuair an Spáinn, agus ní pobal ná rialtas na tíre. 

7 comments:

  1. An creachlathas ag tacú le chéile. Croí na faidhbe - tá na bainc mhóra níos cumhachtaí ná na Rialtais. (Sin cuid den chúis go bhfuilimse ar son AE láidir. Na bainc agus na holl chomhlachtaí Raubritter na linne seo)

    ReplyDelete
  2. @ Fuar, dubh agus crua

    @ tá na bainc mhóra níos cumhachtaí ná na Rialtais

    Ar mhaithe leo féin a dhéanann na cait ramhra crónán, feictear dom.

    ReplyDelete
  3. Thug an tAE an t-Airgead don Spáinn ar an gcéad dul síos. Fuair siad an t-airgead ó rialtaisí as cánacha VAT agus as táillí ar shiúcra agus as cánacha agus as táillí eile.

    Níl an locht ar na bainceanna, seachas an ciontacht céanna a bhíonns ar gach aon fhaighteoir thorthaí an 'Dole' eile. Ní hiad na bainceirí na daoine atá in ann cánacha agus taíllí a ghearradh agus a bhailiú. Is iad na rialtaisí amháin in ann é sin a dhéanamh. Caitheann na polaiteoirí atá i gcumhacht sa rialtas an t-airgead atá bailithe. Ní féidir leis na bainceanna ná le comhlacht príobháideach ar bith a bheith chomh cumhactach leis na rialtaisí ná níos cumhachtaí ná iad ..mar nach bhfuil fórsaí armtha acu.
    {Tá fórsaí armtha de dhíth chun cánacha a ghearradh agus a bhailiú, mar go bhfuil siad bailithe faoi bhagairt. Gan rialtas ag cur cur isteach orm agus mé ag caitheamh airgead de mo shaorthoil féin, tá mé cothrom le comhlachtaí agus bainceanna agus mé ag déanamh margadh leo.}

    An réaltacht mar atá sé, is deacair dom an 'bhur meon a thuiscint. Tá AE agus rialtaisí níos laidre de dhíth mar ....??????

    ReplyDelete
  4. Ní gá gach bagairt a bheith déanta le fórsaí airm! Is féidir - agus rinne abhus - le bainc dúmháil a dhéanamh ar Rialtas. Fadhb mhór an "ró mhór le teip"; fadhb eile go bhfuil Rialtais - le blianta - ag caitheamh airgead nach bhfuil acu, agus tionchar dá réir ag na bainc orthu.

    Tá sé saonta a ceapadh go bhfuil tú ar comhthionchar le comhlacht mór saibhir agus tú ag margáil leo.

    ReplyDelete
  5. Theip ar na bainceanna mar go raibh tionchar ar railtaisí orthusan trí chumhacht an Stáit. I nach aon uile chaoi, bhí an rialtas i lar na fadhbe. Ón arachais FDIC a chuir ár rialtas ar fáil do na bainceanna a chruthaíonn tionchar an-mhór ag an rialtas Federal ar na bainceanna go dtí an brú orthu droch-mhorgáistí a dhéanamh ar an gcéad dul síos, níl siad na bainceanna a rinne an dúmháil. Déan cibé rud atá ón DOJ, nó beidh tú gan an t-árachas a bheadh ag gach banc eile atá sásta gach rud a dhúirt na polaiteoirí a dhéanamh. Agus faoi rialacha eile, bheadh táillí nó am i bpriosún agat. Ní féidir a bheith iomaíocht gan a bheith umhal dóibh.

    Is iad rialacha na rialtaisí a chruthaíonn an fhadbh leis na fuilleamhóirí ag déanamh fuilleamh lena cheile mar go mbeadh na rialtaisí dá gcosaint sa gcás sin. Cairéid thar éis an maide. Níl mé ag rá go raibh sé sin ceart ná cóir, ach cé a chuir na pacáistí tarrtháil agus arachais ar fáil? Ní mise ná baincéirí. Is iad na polaiteoirí lofa a rinne é. Agus daoine le do mheon a chuir na polaiteoirí céanna i gcumhacht agus sásta de nuair a bhí ag t-airgead bainte de dhaoine eile ar bhur son féin..

    Ar aon chaoi, níl banc ná comhlacht ar bith ro-mhór le teip. Ní raibh ach leithscéal ag na polaiteoirí lofa na heite chlé chun níos mó chumhacht a bhaint ar a son féin. Bhí argóintí go maith ann nar theastaigh TARP ar chór ar bith. Más buan mo chuimne, agus is cuimhne reasúnta buan í, ní raibh ach níos lú ná 2% gcéad de na daoine ar tí á dtithe a chailliúint, agus thart faoi 4% i dtriobláid. Agus bhí na tithe fós ann.

    Aontaím leat gur chaith rialtaisí an iomarca airgid... nach bhfuil Sóisialaigh an-fhial le hairgead daoine eile?....ach cén tionchar ar na bainceanna príobhaideacha ar na rialtaisí mar gheall air sin? Agus nach raibh sé rud beag saonta a bheith ag ceapadh go bhfuil polaiteoirí neamhurchóideacha ina suí go neamhurchóideach go bhfuil baincéirí lofa ag teacht chun bagairt a chur orthu chun bagairt orthu?

    Tá mé ag déileáil le comhlachtaí as mo shaorthoil féin. Sin é fáth go bhfuil PR Firms ann. Tá ár ndeá-thoil uathu. Agus mura mbíonn, ní bheidh siad ann. Agus ní bheidh siad ann go han-tapa. Is deacair an rud é do chomhlachtaí ár n-airgead a bhaint dinn in aghaidh ár dtola agus é a bhronnadh ar dhaoine nó ar ghrúpaí eile chun 'cumhacht' a choinneáil.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Is beag m'eolas ar na cúinsí thall, ach ní dóigh liom go bhfuil na cúinsí abhus díreach mar an gcéanna.

      Ní dóigh liom go bhfuil polaiteoirí, ná go deimhin aon chuid den chreachlathas neamhurchóideach. Ach cabhraíonn riail an dlí le smacht a choinneáil orthu ar fad.

      Delete
  6. Thit sibhse nuair a thit muide mar gheall ar sovereign debt, agus tá baint aige sin ar chaiteachais rialtaisí, droch-dhlíthe, agus ar dlíthe a spreagadh fuilleahóirí chun airgid a chur san áit chéanna mar go mbeadh cuid de na rialtaisí dá gcosaint agus dá gcosaint sa gcas sin amháin. Tá muid ceangailte lena chéile sa lá atá inniu ann, agus bhí torthaí an tSóisialachais agus pacáistí tarrthala in ann dochar a dhéanamh do dhaoine i dtíreacha eile. Bhí sé cosúil le ''teach cartaí''.

    Bhí na creachlathas sna rialtaisí agus dlúthchairde de na polaiteoirí. Bhí riail an dlí an fhadbh. : )

    ReplyDelete