20 Meitheamh 2012

Cú Choigríche ?



Felix Gilman ag léamh óna úrscéal The Half-Made World  

Chríochnaigh mé an leabhar seo ar m' iPad aréir agus mé ag eitilt abhaile ó Mississippi. Bhain mé an-sult as. Úrscéal fantaisíochta, saghas steam punk diostóipeach, atá ann. Tá sé thar a bheith cliste agus dea-scríofa. Níl aon rud Éireannach ná “Ceilteach” ann. Baineadh geit asam mar sin nuair a léigh mé ainm an charachtair seo:

“Liv recognized her: Ku Koyrik, hound of the border.”  


“An féidir é?” a dúirt mé liom féin. Cé nach raibh sé an-choitianta riamh mar ainm, bhí Cú Choigcríche (nó Cúcoigriche, etc.) ar dhuine de na Ceithre Máistrí, Cúcoigchriche Ó Cléirigh.  An chiall atá leis an ainm seo, ar ndóigh, ná “hound of the border”.


Síniú Chúcoigchriche Ó Cléirigh
(an ceathrú ceann)

3 comments:

  1. Measaim go bhfuil an ceart agat, Dennis.

    ReplyDelete
  2. Chuir mé tweet chuig an údar inniu tar éis dom an mhír seo a scríobh. Fuair mé dhá fhreagra uaidh:

    yes, though I no longer clearly recall why

    agus

    good catch

    ReplyDelete
  3. Ba ea, cinnte. Géar súil an ghaelscoláire!

    ReplyDelete