24 Iúil 2012

an t-ionchollú is déanaí



Tá an lupine agus an coreopsis thart anois. Chuir mé deich gcineál plandaí úra ina n-áit, plandaí atá úsáideach mar chlúdach talún: tím agus mar sin de. Tá cúpla planda eile ann ón ionchollú roimhe seo freisin. Agus chuir mé raidisí ina measc!



Tá súil agam go mbeidh brat iomlán agam faoi cheann an tsamhraidh, mósáic de phlandaí ísle a bheas duiliúr agus dathanna éagsúla orthu, plandaí a bheas in ann an geimhreadh a sheasamh.

8 comments:

  1. Is breá liom an garraí beag seo. Deas a fheiscint go bhfuil sé ag fás i gcónaí.

    Ach ceist agam ort, a Dennis. An gcuireann an t-ualach breise go mór le do chostaisí breosla?

    ReplyDelete
  2. John - Tá mé cinnte nach bhfuil sí chomh breosla-éifeachtúl leis an meáchan breise sa leaba. Ach ní raibh sí chomh breosla-éifeachtúil sin riamh! Is cuma dáiríre. Ní bhainim a lán úsáide aisti agus ní raibh mé in ann í a thiomáint ar chor ar bith nuair a bhí na bláthanna i mbarr a réime mí ó shin.

    ReplyDelete
  3. Ah, tuigim. Meas tú, dá mbeifeá á thiomáint, cé mhéad plandaí a bheadh ag teastáil sula mbeadh an gluaisteán 'neodrach' ó thaobh an charbóin de?!

    DAS, moltar dúinn píosaí polaistiréine a chur i bpotaí móra - thíos faoin gcré - nuair a bhíonn tú ag cur plandaí nó glasraí iontu. Cuidíonn sé leis an draenáil agus laghdaíonn sé meáchan na bpotaí agus an oiread cré atá ag teastáil.

    ReplyDelete
  4. Píosaí polaistiréine? An t-ábhar pacála a dtugaimid “peanuts” orthu? Más ea, tá scéal uafáis orthu agam duit! [DAS, is maith liom an tsraith “orthu agam duit”!]

    ReplyDelete
  5. Ní dóigh liom go bhfuil 'peanuts' i gceist. Sin iad na píosaí beaga a bhíonn curtha ina mílte isteach i mboscaí nó málaí poist, an ea? Moladh domsa (i leabhar) píosa mór polaistiréine, ina mbeadh ríomhaire nua pacáilte, abair, a bhriseadh síos - ní go róbheag, ar mhaithe leis an draenáil. Ach b'fhéidir go bhfuil sé sin chomh 'uafásach' agus atá na peanuts.

    'orthu agam duit'?!!

    ReplyDelete
  6. Ó feicim an 'orthu agam duit' id' thrácht anois :)

    ReplyDelete
  7. Is dócha go bhfuil na píosaí úd ceart go leor ar dtús, ach dá mbeadh a lán potaí le glanadh agat ina raibh tranglam d'ithir agus de phlaisteach agus na fréamhacha fite fuaite tríd… Ach is “peanuts”, na píosaí beaga, a bhí i gceist sa chás seo.

    ReplyDelete