09 Iúil 2012

scéal dhá fheochadán


Scéal dhá fheochadán agus a n-ainmneacha i nGaeilge é seo.

Seo Sonchus oleraceus. Tá na duilleoga inite. Sow thistle a thugtar air i mBéarla, agus “bleachtán” (an litriú caighdeánach) nó “bliochtán” i nGaeilge. Fuair sé an t-ainm seo toisc go bhfuil cuma an bhainne ar a shú: bleacht / bliocht (= bainne) + án.

Seo Cynara cardunculus, feochadán eile a itear i bhfad níos minice inniu ná an bleachtán. “Bliosán” an t-ainm atá air i nGaeilge. Is breá liom an glasra seo. Ní i bhfad ó Castroville “The Artichoke Capital of the World” a tógadh mé i gCalifornia. Thaitin an t-ainm Gaeilge liom freisin: bliss on! Bhí orm an scéal taobh thiar de a iniúchadh, ar ndóigh. Is cosúil gur tháinig “bliosán” isteach sa teanga den chéad uair riamh i ngluais scríofa le Seán Ó Broin sa lámhscríbhinn Egerton 158 (ca. 1737), mar a bhfuil “blisán, an artechoke” le léamh (dar le DIL).  Fuair Ó Broin an chuid is mó de na hiontrálacha sa ghluais seo ó liosta focal a bhreac an scoláire Robert Kirk (1644-1692) síos ina Bhíobla.

Tá sé réasúnta soiléir gur ón bhfocal “bliochtán” a tháinig an focal nua seo, “bliosán”. Ach conas a tharla sé? Seo againn an freagra:

conacht = Connacht

Tá dhá nod san fhocal seo. Is ionann an chéad cheann agus “con”. Agus is ionann an dara ceann, an litir ‘s’ a bhfuil líne scríofa os a chionn, agus “(a)cht”. Is é mo theoiric gurbh é an focal “blichtán” a scríobh Kirk sa chéad dul amach, ag baint úsáide as an nod seo “cht”, nod atá coitianta. Ach ní raibh an líne beag soiléir agus níor thug an dara fear, Seán Ó Broin, faoi deara é. Ní fhaca sé ach an ‘s’ agus scríobh sé an focal mar seo: “blisán”.  Sin againn é. Focal nua ar ghlasra nua.


[Aguisín: Tá a fhios agam anois, a bhuí le Caoimhín Ó Donnaíle, nach bhfuil “blichtán” ná “blisán” le fáil sa ghluais a rinne Kirk. Is léir mar sin go bhfuair Ó Broin an focal seo ó fhoinse eile. Seasann an teoiric mar sin féin.
Aguisín a dó: Is cosúil gurbh é Edward Lhuyd (1660 - 1709) a rinne an chéad athscríobh lochtach den fhocal. Beidh níos mó agam faoi seo sna nótaí tráchta.]

Dála an scéil, is ó “sed” na Laidine a tháinig an nod seo. “Acht” (“ach” inniu) an chiall atá le “sed”, mar sin baineadh feidm as an nod le “acht” agus “cht” a scríobh i dtéacsanna Gaeilge.

12 comments:

  1. An-jab taighde, Dennis. Anois, seans ar bith ann go bhféadfá an cumas grinn-taighde seo a dhíriú ar fhuascailt ‘cérinneáin’? Abraimis go bhfaightear nóta le hais chorp ollamh le teangeolaíocht, ach ní féidir leis na póilíní bun ná barr a dhéanamh de toisc go bhfuil an nóta lán nodanna. Cé ar a nglaonn siad? Cé eile!!!

    ReplyDelete
  2. tá stair an fhocail i bhfad Éireann níos blasta ná an glasra féin!

    ReplyDelete
  3. Tar éis dom Góstaí Gaeilge Edward Lhuyd agus a shliocht (Éigse 23, 131-46) a léamh inniu, a bhuí le Marion Gunn, chuir mé an teachtaireach seo chuig Old-Irish-L:

    It appears that the ultimate culprit for the miscopying of "bliochtán" as "bliosán" was an anonymous amateur scribe who copied the _Vocabularium Latinum et Hibernum_ (1662) of Richard Plunkett and misread the -cht- nota repeatedly as -s-. Edward Lhuyd worked from this defective copy in compiling his _Foclóir Gaoidheilge-Shagsonach_ in _Archaeologia Britannica_ (1707), which Ó Broin and many others then followed.

    ReplyDelete
  4. Timpistí teanga. An-spéisiúil go deo, a Dennis.

    Is bleachtaire na mbleachtán thú...

    ReplyDelete
  5. An-taighde!

    Tháinig an focal lochtach seo isteach sna foclóirí Ghaeilge na hAlban fosta, agus fiú amháin sna nua-fhoclóirí Manainnise (“blissane”).

    Fuair Dwelly é ón Highland Society Dictionary (Dictionario Scoto-Celticum, 1828), agus fuair an Highland Society Dictionary é ó “Lhuyd et O’Reilly”.

    ReplyDelete
  6. níos blasta ná an glasra féin

    Tusa a chuir tús leis an eachtra seo, tá's agat, a MM!

    ReplyDelete
  7. Tá "Cód an Bhliosáin" fuascailte agat. Blagmhír den scoth uait arís.

    ReplyDelete
  8. @ Blagmhír den scoth uait arís.

    Aontaím..:-)

    ReplyDelete
  9. Dord eile! Is spéisiúil botúin na cléirigh!

    ReplyDelete
  10. “Dord mara, dord beach?” a dúirt mé liom féin go dtí gur lean mé an nasc. Focal deas i mBéarla is ea é, in aice le “mondegreen”, ach ní dóigh liom go bhfuil spás againn dó sa teanga seo.

    ReplyDelete
  11. Inntinneach gu dearbh. Chuir mi am facal "ceart" ris an Fhaclair Bheag. Linn ùr :)

    ReplyDelete
  12. Tchím go bhfuil “bliochd-fochadan”, corn milk-plant, ag Dwelly.

    ReplyDelete