06 Deireadh Fómhair 2012

an rann is áille


Deir StatCounter liom go raibh suim ag a lán daoine (na Búdaithe níos mó ná na Gaeil?) san aistriúchán a rinne mé den sútra “Croí na Críonnachta”. Seo beagán níos mó Sanscraite daoibh.


le Raja Ravi Varma

Tá an cháil atá ar an drámadóir Kālidāsa san India inchurtha leis an gcáil atá ar Shakespeare abhus anseo. Agus creidtear go forleathan sa tír sin gurb é seo an rann is áille dá chuid, as an dráma Shakuntalā. Ní bhíonn sé éasca áilleacht focal a aistriú ó theanga go teanga, ach rinne mé mo dhícheall anseo.

ramyāṇi vīkśya madhurāns ca niśamya śabdān
paryutsukī bhavati yat sukhito 'pi jantuḥ
tac cetasā smarati nūnam abodhapūrvaṃ
bhāvasthirāṇi jananāntarasauhṛdāṇi


रम्याणि वीक्ष्य मधुरांश्च निशम्य शब्दान् 
  पर्युत्सुको भवति यत्सुखितोऽपि जन्तुः ।
तच्चेतसा स्मरति नूनमबोधपूर्वं 
  भावस्थिराणि जननान्तरसौहृदानि ॥

Le linn dó áilleacht agus binneas a bhlaiseadh,
tagann cian uaireanta ar an duine is sásta;
éiríonn cuimhne ina chroí, i ngan fhios dó,
ar ghrá a fréamhaíodh ann le linn saoil eile.

8 comments:

  1. Go deas. (Ach ní breitheamh mé ar an gceist ar thug tú leat áilleacht an bhunleagan!)

    ReplyDelete
  2. @ éiríonn cuimhne ina chroí

    Líne álainn...maith thú, a Dennis!

    ReplyDelete
  3. Seo go hálainn a Dennis. Go raibh maith agat.

    ReplyDelete
  4. An-dheas! An-shuim agam sa teanga sin. Ar aistrigh tú ó Bhéarla iad nó an bhfuil Sanscraite agat fhéin?

    ReplyDelete
  5. Tá Sanscrait agam, agus Hindi. Rinne mé staidéar orthu san ollscoil.

    Tá áthas orm gur thaitin an rann seo libh!

    ReplyDelete
  6. @Dubhaltach

    Cothrom an lae inniu anuraidh a scríobh tú an bhlagmhír is déanaí ar Cín Lae Sclábhaí Pá. Airím uaim thú!

    ReplyDelete
  7. Tá sé go deas, a Dennis.
    An raibh tú ag Seattle Asian Art Museum le deanaí? Is dócha go mbheadh suim agat sna pictiúir atá ar thaispeáint ansin anois.
    Tá seanphictiúir den Ramayana ón India le feiceáil ar na ballaí, agus pictiúir phéintáilte dathúla a rinne mná de Mithila i dtuaisceart India.

    ReplyDelete
  8. Ní raibh le déanaí, Liz. Go raibh maith agat as ucht an eolais!

    ReplyDelete