24 Samhain 2012

stobhach “steamed corn”



Tá boladh álainn neshjízhii, guisado de chicos, ar fud an tí anois díreach. Tá pota de ag bruith leis sa chistin agus mé ag scríobh. An príomh-chomhábhar atá ann ná cineál speisialta arbhar indiach.  Tugann na Navajo steamed corndried corn air i mBéarla. Chicos an t-ainm atá acu air i New Mexico, agus tugann na Hopi tùupephotomni air. Séard atá ann ná arbhar indiach a bhaintear nuair atá sé fós glas, an saghas corn a itear on the cob. Ní bhaintear an crotal glas de agus cuirtear a lán de in oigheann coirceogach (horno) nó in oigheann faoin talamh. Bruitear sách luath é, baintear amach é, agus ansin triomaítear sa dias é. Tá na chicos tirime le feiceáil thuas ar dheis, agus babhla eile díobh ar clé a chaith an oíche ar maos in uisce.

Nuair a ullmhaíonn na Navajo neshjízhii, ní chuireann siad ann ach steamed corn, caoireoil, salann, piobar dubh, agus oinniún. D'ith mé babhla mar sin an mhí seo caite in Window Rock, Arizona, ar an rez.  Bhí sé an-simplí agus an-bhlasta in éineacht le píosa fry bread te. Mar a fheiceann tú thuas, chuir mé gairleog agus chile ann freisin, agus beagán oragáin, à la New Mexico. Níl ag teastáil ina dhiadh sin ach foighne!  Níor mór don neshjízhii / guisado de chicos fanacht ar an sorn go ceann trí uair a chloig nó níos mó, le go mbeidh na chicos / steamed corn / dried corn bog blasta.  Táim ag fanacht fós, ach is fiú é!



8 comments:

  1. an-suimiúil ar fad. Tá súil agam gur bhain tú taitneamh as

    ReplyDelete
  2. Hi Dennis,
    Tá tú beo!
    Tháinig imni orm nuair nach bhfaca mé rud ar bith asat ar an mblog nó ar Old Irish L le cúpla seachtain.
    Go háirithe toisc gur scríobh tú faoin bhás sa phost is déanaí i do bhlog -- 'Bás i laidin agus i ngaeilge.'
    Tá súil agam go bhfuil tú go maith.

    ReplyDelete
  3. Chaith mé dhá seachtain ar saoire congarach le Window Rock breis is fiche bliain ó shin, agus cara liom ag muineadh ann ar feadh bliana. Is cuimhin liom gur ith mé stobhach déanta le caoireoil uair amháin i Window Rock. Chuir sé ionadh an domhain orm gur bhlas sé mar an gceanna leis an stobhach gaelach a dhein mo mháthair. Níor bhain sise úsáid riamh as cairéid agus í ag ullamhú stobhach, níor chuir sí isteach ann ach caoireoil, prataí, oinniúin, salanná piobar agus beagáinín eorna phéarlach. Úsáidim na comhabhair cheanna agus stobhach gaelach á ullumhú agam na laethanta seo, ach amháin go fagaim ar lár an eorna phéarlach (toisc nach maith le mo phairtí é ) agus go gcuirim roinnt gairleog isteach ann. Tá sé ar fheabhas !!!

    ReplyDelete
  4. @ Liz Tá mé go maith, BLD, ach tá Old-Irish-L in ísle brí. Tá an iomarca le déanamh ag David anois san ollscoil i Má Nuad, agus tá easpa inspioráide orm. Tá na liostaí listserv as dáta le fada an lá, cé go raibh rith maith ag O-I-L. Nó an mise atá as dáta? Dá mbeadh fuil úr ar fáil...
    ;-)

    ReplyDelete
  5. @ Anon

    Is maith liom lorga uaineola nó mairteola a ullmhú le heorna phéarlach, oinniúin & cairéid, sa gheimhreadh go háirithe! Cuirim a lán sáibhre (?) ann freisin. Summer savory (Satureja hortensis) an t-ainm atá againn air. Ní bhainim úsáid as go minic, ach tá sé an-deas sa mhias seo.

    ReplyDelete
  6. Déanaim stobhach go minic, ach gan feoil, agus le pónairí móra..:-)

    ReplyDelete