10 Feabhra 2013

an teanga


Seo rann sa teanga Peirsis:


Chum an file Amir Khusrau (1253-1325) in Delhi é tuairim is seacht céad bliain ó shin. Fuair mé é sa leabhar The Last Lingua Franca le Nicholas Ostler, in éindí leis an t-aistriúchán seo:



My lover's tongue is Turkic, and Turkic I do not know;
How glad I'd be if only that one's tongue were in my mouth.

Thaitin an débhríocht, a oibríonn i mBéarla agus i nGaeilge chomh maith céanna agus a oibríonn sé i  bPeirsis, go mór liom. Tá débhríocht eile sa rann seo, mar a bhíonn ann i gcónaí i bhfilíocht na Peirsise. Ní shonraíonn an ghramadach inscne. Ní bhíonn a fhios againn an fear nó an bean, “sé” nó “sí”, atá i gceist. Tá forainm amháin i bPeirsis, “û”, a chiallaíonn “he, she, it”. San fhocal “zabânash”, a haistríodh thuas mar “that one's tongue”, is ionann “zabân” agus “tongue”, agus ciallaíonn an foirceann“-ash” idir “his” agus “her”.

Chuir mé romham leagan Gaeilge den rann seo chumadh, agus chinn mé gan bhacadh le débhríocht na hinscne. Is féidir gurbh é fear eile a bhí i gceist ag Khusrau, rud nach raibh neamhchoitianta ar chor ar bith, ach sa leagan doggerel seo thug mé bean Éireannach mar leannán dó. Ar an láimh eile, tá an forainm “í” débhríoch sa dara líne, rud a thaitníonn liom!

Is í an Ghaeilge teanga mo ghrá.
Gan í bheith agam atá mo chrá.
Dá mbeadh a teanga i mo bhéal,
Nach ormsa a bheadh an t-ádh!

Nod libh: atá mo chrá = atá do mo chrá.

4 comments:

  1. á-á-É-á

    Tá lúb ar lár nach bhfuil? Nárbh fhearr
    á-á-á-á agat nó á-á-é-é?
    "Nach agamsa a bhéadh an réal?" abair, nó "Nach agamsa a bhéadh an saol?"?

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Thar barr! Ach tá rud éigin ar iarraidh. Ní féidir liom a fheiceáil ann rud ar bith ionann i nGaeilge don seanfhocal Peirsis, an áilleacht éadrócaireach an Turcaigh! Nó an bhfuil an nGaeilge féin foinse álainn contúirte?

    ReplyDelete
  3. ceann le cuimhniú air do lá leannán an bhliain seo chugainn?

    ReplyDelete