23 Lúnasa 2013

séanairí le séanadh



ar ni gnáth nach sénaire bed airddiu neoch

Tá na focail seo le fáil in Leabhar Laighneach (294b22) ag deireadh Audacht Morainn, téacs a thugann comhairle do rí nó do fhlaith. Seo é an líne ar fad, agus leagan eile de as an eagrán a rinne Thurneysen de in ZCP ó chúpla lámhscríbhinn:


Apair fris nacha n-erbad i sénairecht, ar ni gnáth nach sénaire bed airddiu neoch.

Abbair fris ni·n-erbba do sēnairecht, ar nī gnáth nach sénaire bed ferr ar chāch.

Abair leis (.i. an rí) gan earbadh i séanaireacht, óir ní gnách go mbeadh séanaire amháin níos airde ná cách.

Nó i bhfocail eile:

Ná bíodh iontaoibh agat as bean (nó fear) feasa, toisc nach mbíonn duine acu níos fearr ná a chéile.



Tá an focal “séanaire” sa teanga fós. An chiall atá leis de ghnáth anois ná duine a aimsíonn uisce, .i. dowserwater witch. An chiall is coitianta a bhí leis nuair a scríobhadh an téacs seo ná fáistineach, .i. fortune teller, soothsayer.

2 comments:

  1. Saghas "pundit" teilifíse an lae inniu, an ea?

    ReplyDelete
  2. Suimiúil, a Dennis, mar is iondúil..:-) Sonas agus séan ort, a chara!

    ReplyDelete