13 Meán Fómhair 2013

feacht, feachtas, feasta, éineacht



hi fecht sa

Tá “feacht” againn fós sa teanga, cé gur focal liteartha é den chuid is mó. Tá dhá chiall leis, mar atá “turas, eachtra” agus “uair, am”. Tá leagan eile de, “feachtas,” níos coitianta sa chéad chiall, agus úsáidtear go meafarach é mar “campaign” i gcúrsaí polaitíochta go háirithe.

Tháinig "fecht" agus an focal Breatnaise "gwaith" (= obair) ó *wekto- nó *wektā- sa Chomh-Cheiltis, a shíolraigh ón bhfréamh Ind-Eorpaise *wegh- (téigh, iompair i bhfeithicil). Tá na focail seo gaolmhar le "way" agus "wag(g)on" i mBéarla, agus le "via" i Laidin.

Tá “feacht” beo freisin, cé go bhfuil sé faoi cheilt, in dhá fhocal eile: “éineacht,” a phléigh mé sa bhlagmhír roimh an gceann seo, agus “feasta,” a phléigh mé tamall ó shin ar Stair an Fhocail. Seo a bheag nó a mhór an méid a dúirt mé ansin:

Thosaigh muid leis an abairt “in fecht sa” sa tSean-Ghaeilge, focal ar fhocal “an turas seo, an t-am seo,” .i. anois. D'athraigh idir chruth agus bhrí na bhfocal de réir a chéile le himeacht aimsire mar seo: in fecht sa ~ ifechtsa ~ fechtsa ~ ifesta ~ festa ~ feasta.

No comments:

Post a Comment