11 Meán Fómhair 2013

sanasaíocht



inoenḟecht

Iarradh orm ar Twitter inniu sanasaíocht a thabhairt ar dhá fhocal, mar atá “éineacht” agus “leathanach”. Tá an scéal taobh thiar díobh seo an-soiléir, buíochas le Dia, so bhí mé in ann an míniú a thabhairt do mo chairde gan dua.

Na blianta ó shin scríobh mé blúirí beaga faoi fhocail ar liostaí ríomhphoist agus chuir Caoimhín Ó Donnaíle le chéile iad anseo faoin teideal Focal an Lae.  Téann sanasaíocht le gach ceann de na 365 fhocal atá ann.

Tamall ina dhiaidh sin chuir mé cnuasach sanasaíochta eile le chéile, an ceann seo i nGaeilge ar fad.  Stair an Fhocail atá air. Pléitear 52 fhocal ann, ó “abhus” go “troigh”.

Sílim anois gur cheart dom leanacht ar aghaidh leis an tionscadal seo, i nGaeilge agus ar an mblag seo. Tosóidh mé anois díreach leis an dá fhocal a luaigh mé thuas.

éineacht

Sean-Ghaeilge “oínḟecht”, ó “oen + fecht” (aon + feacht); feacht = am, uair

leathanach 

Sean-Gh. “lethenach”, ó “leth + enech” (leath + eineach); eineach = aghaidh

Beidh níos mó le rá agam faoi na focail “feacht” agus “eineach” go luath!

No comments:

Post a Comment