22 Meán Fómhair 2013

síntonn



Is síntonn é an saol.

Is ó thwíteoir darb ainm Mamaí Mhór a fuair mé an nath seo. Smaoinigh air: lá is oíche, samhradh is geimhreadh, anáil isteach, anáil amach, bia isteach, cac amach, etc. etc. etc.

7 comments:

  1. Ainneoin gur innealtóir mé, níor thuig mé síntonn! B'fhearr liom moladh eile Focal "tonn sínis"

    Ní rud nua an léargas seo, áfach. Cé gur dóigh liom gur cineál héilics atá i gceist leis an saol - athraíonn rudaí, ach bíonn athdhéanamh i gceist.

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil. "Dlí na Droimneachta" a thug C.S. Lewis ar seo.

    http://www.ubfriends.org/2010/07/04/the-law-of-undulation-a-concept-by-c-s-lewis/

    ReplyDelete
  3. An cuimhin leat an bréagán an Slinky™? Sin é íomhá is samhail an tsaoil!

    ReplyDelete
  4. Is síntonn an nádúr, a Dennis. Ach is rollchóstóir an saol ;)

    ReplyDelete
  5. Ni bhíonn a fhios agam féin, leath den am, an ag teacht nó ag imeacht atáim - síntonn tuathail, seans..:-)

    ReplyDelete
  6. Dá mba róbat tú, seans gur mar shíntonn rialta a bheadh do shaol, ach más neach beo thú, ní hamhlaidh duit. Cuma más miocrób, planda, feithide, éan nó mamach tú, níl aon dá lá ar an dul céanna agus sin ceann de thréithe na beatha. Ó, cinnte, tá rialtacht éigin ag baint le beithsine chuile rud atá beo, ach aontonacht na síntoinne, fág sin don chloch eibhear.

    ReplyDelete