30 Deireadh Fómhair 2013

Craiceann an Domhain


Craiceann an Domhain


Ar chuala tú riamh
idir chodladh is dhúiseacht
craiceann an oráiste
á réabadh?

Craiceann miotalach?
Nó leictreach?

Torann statach
ag tabhairt le fios
go bhfuil craiceann ann
agus go bhfuil sé faoi strus?


3 comments:

  1. Go deas ar fad. An uaitse é?

    ReplyDelete
  2. Go deas, ach níl mé cinnte faoi "torann statach"

    Torann fearacht leictreachas statach, an ea?

    ReplyDelete