25 Lúnasa 2014

sí agus síocháin


Tá dhá fhocal sa tSean-Ghaeilge atá ar aon fhuaim agus ar aon litriú lena chéile:

1. síd - lios na síogaithe,  fairy mound

2. síd - éagmais achrainn nó cogaidh,  peace

Ar nós an bhriathair sheathe (= cuir claíomh i dtruaill) a fhuaimnítear “síd” - nó a fuaimníodh i ré na Sean-Ghaeilge.

Tá “síd 1” againn fós, ach gan an -d : aos sí, bean sí, etc.   Níor mhair “síd 2” gan athrú, áfach. Rinneadh comhfhocal de “síd” agus “cáin”: síocháin. “Dlí” an chiall a bhí le “cáin” ar dtús, cé go gciallaíonn sé tax anois. Is féidir gur law and order - nó rud éigin cosúil leis sin - an chiall a bhí le “síocháin” i dtús báire.

Is focail éagsúla ar fad iad “sí” agus “síocháin” anois. Tá go maith agus níl go holc. Ach ar an drochuair dúinn, ní féidir linn imirt leis an dá fhocal mar ba nós lenár sinsir. Mar shampa:



…comrac leind cen debuid. Síd mór itaam conid de
suidib nonnainmnigther áes síde. Cía …

Is sliocht é seo as tosach an scéil Eachtrae Chonnlai. Ba mhaith le bean sí an prionsa Connla Rua a mhealladh le dul in éindí léi go dtí a tír féin. Deir sí leis go mbíonn fleánna buanna ar siúl sa tír úd gan pheaca gan imreas. Agus tugann sí an míniú seo dó: 

Is síd mór ina bhfuilimid, mar sin tugtar aos síde orainn.

“Féach, a Chonnla, tá cónaí orainn i (sí / síocháin) agus dá bhrí sin deirtear gur pobal (sí / na síochána) muid!”

3 comments:

  1. Grma.

    Tá síth fós againn áfach, agus araile an nath 'síoch grách'

    ReplyDelete
  2. Is fíór duit, i nGaeilge na hAlban go háirithe. Níl focal eile ach "sìth" acu. Ach ní dóigh liom go gcloistear "síth" go minic i nGaeilge anois.

    ReplyDelete
  3. Agus sa nua-aois , ar ndóigh, le Star Wars agus Tiarna na Sídhe (Lords of the Sith). Go dté síd2 libh, a chairde.

    ReplyDelete