29 Meán Fómhair 2014

an drochshaol ca. 1400


Seo nóta truamhéalach a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis ar phíosa beag páir in Leabhar Buí Leacáin



IS doilig lind in mil mu
i- do gabad in ar paindter
do gaid dona d___thib
drochenig & is mesa lind
ina sin urmor ar muind
tire dobeth ag ec & dar lim
ni slan in becan dib nach


uil na laigi & ni lugaidi
a saith a mbeth re bas uile.

Seo iad na focail chéanna i litriú an lae inniu:

Is doiligh linn an míol má a gabhadh inár bpaintéar a ghoid do na daoinibh (?) drocheanaigh agus is measa linn ná sin formhór ár muintire a bheith ag éag agus dar liom ní slán an beagán díobh nach bhfuil ’na luí agus ní lúide a sáith a mbeith le bás uile.

Agus seo athrá de i nGaeilge an lae inniu.

Is doiligh linn an giorria a gabhadh inár ngaiste a bheith goidte leis na daoine (?) mí-onóracha agus is measa linn ná sin formhór ár muintire a bheith ag fáil bháis agus dar liom ní slán an beagán díobh nach bhfuil ina luí agus tá an méid céanna acu ar tí bás a fháil.

Tá focal amháin sa tríú líne a bhfuil an chuma air gur scriosadh é agus gur scríobhadh air.  An scríobhaí féin a rinne é, is dócha.  Thras-scríobh mé é mar “daoinibh” toisc go n-oireann sé sin don chomhthéacs, ach is léir go bhuil - nó go raibh - focal eile i gceist.

Maidir leis an gcéad fhocal eile, “drochenig,” níl “enech” sa teanga níos mó. “Aghaidh” an bhunchiall a bhí leis sa tSean-Ghaeilge, ach chiallaigh sé “onóir” chomh maith (cf. he lost face). Na daoine a ghoid an giorria a bhí gafa sa dol, bhí siad of bad honour.

Is cosúil go raibh plá ann ag an am sin. Bheadh orm níos mó taighde a dhéanamh, áfach, le tuilleadh a rá faoi sin.

Chuir mé cúpla nóta eile a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis i lámhscríbhinn eile ar an mblag cúig bliana ó shin, anseo (faoina a chat), anseo (faoin spideog), agus anseo (an cat arís), chomh maith le ceann nó dhó eile a scríobh sé faoin am céanna.

4 comments:

  1. Rinn mi Googláil fá choinne “drochenig” agus lorg e duilleag aig ISOS air a bheil “paindter do gaid dona daeitib drochenig” - ged nach eil an duilleag aig ISOS fhéin deònach nochdadh. B’fhéidir gur scríobh Murchadh gur ghoid na daltaí an giorría agus gur féach siadsan leis an fhocal a athrú go “daonaibh”??

    ReplyDelete
  2. enech--fós beo, mar 'oineach' sa nath cainte 'céim oinigh' agus a leithéid.

    ReplyDelete