31 Nollaig 2014

Ealaín na gCeilteach



Is stater (στατήρ) óir é seo. Buaileadh é le linn réimeas Philip II, Rí Mhacadóin, athair Alastair Mhóir, 382 - 336 R.C., nó go gairid ina dhiaidh sin. Fuair saighdiúirí Ceilteacha boinn mar seo mar thuarastal agus iad ag troid mar amhais in airm na nGréagach.

Thug siad na staitéir seo abhaile leo agus roimh i bhfad thosaigh na taoisigh Cheilteacha sa Ghall ag bualadh staitéar dá gcuid féin.



Staitéar óir de chuid na bParisii

Choinnigh na Ceiltigh an bunsmaoineamh: agaidh Apollo ar thaobh amháin agus each ar an taobh eile. Ach d'athraigh siad na híomhánna go hiomlán. Chloígh siad lena gcód aeistéitiúil féin, cód a bhí an-éagsúil leis an traidisiún Gréag-Rómhánach. Is ar phatrúin seachas ar réalachas a bhí an bhéim acu. Stíl La Tène a thugtar ar an ealaín seo anois.

3 comments:

  1. Is amhlaidh go raibh luí le teibíocht ag na Ceiltigh riamh anall.

    ReplyDelete
  2. Athbhliain faoi mhaise dhuit, a Dennis! Nach gleoite iad boinn na gCeiltigh! Is dóigh go raibh an claonadh sin an réalachas a mhúnlú de réir a thraidisiúin féin ag an ealaín dhúchasach i gcónaí, má bhreathnaíonn tú ar phobail an Tuaiscirt, ar an Afraic srl.

    ReplyDelete