09 Bealtaine 2015

Lemnaceae



Seo frog ag gliúcaíocht amach ó bhrat Lemnaceae, nó ros uisceros lachan i nGaeilge. Duckweed a thugtar air i mBéarla.

Tá an focal “ros” suimiúil toisc go bhfuair sé iontráil i Sanas Cormaic (ca. 900 AD). Bhí trí “ros” ann míle bliain ó shin, déanta na fírinne, díreach mar atá againn inniu:

ros = coill
ros = síol lín 
ros = ros uisce / ros lachan

Míníonn Cormac go dtáinig an tríú focal ó ró-fhos:



ro fos on ar ni bi acht for marbuisce

ró-fhos é sin óir ní bhíonn sé ach ar mharbhuisce

Is fíor do Chormac nach bhfasann ros uisce ach ar uisce ciúin - uisce a fhanann i bhfos. Ach ní fíor dá shanasaíocht, faraor.

3 comments:

  1. Is ann don gceathrú ros, i. Ceann tíre
    http://www.teanglann.ie/ga/fgb/Ros

    ReplyDelete
  2. Cuireann FGB ros lín agus ros uisce faoin iontráil céanna. An amhlaidh gur tugadh ros uisce ar an planda toisc go gcuireann sé síolta beaga i gcuimhne duit?

    ReplyDelete
  3. Dia duit, tá mo ainm Setiabudi, táim thíos le calaois i lámha na iasachtóirí, tá mé ina dupe léir € 1,200 an chuid is mó Toisc gá mé ar iasacht chaipitiúil € 50,000 mór, i Básanna beagnach, bhí mé aon áit le dul, bhí mo ghnó scriosta sa phróiseas sin chaill mé mo mhac. Bhí mé Ní féidir seasamh arís. gach rud a tharla seo Nollaig 2014, go dtí go mearnt mé cara a Tugadh isteach mé go maith máthair máthair Alexandra leo cabhrú ar deireadh liom dhaingniú ar iasacht ina chuideachta, máthair maith Ba mhaith liom a úsáid an deis seo chun buíochas a ghabháil leat, Dia ar aghaidh ag bless tú, i chomh maith leis sin ag iarraidh úsáid a bhaint as an deis seo chun comhairle a thabhairt mo chuid Gaeilge eile, go bhfuil calaois leor amach ann, más gá tú ar iasacht agus ar iasacht urraithe díreach Máthair Alexandra idirghabháil tapa iarratas a dhéanamh tríd an gcuideachta tríd an ríomhphost: alexandraestherloanltd@gmail.com nó alexandraestherfastservice@cash4u. com, is féidir leat teagmháil a dhéanamh liom tríd an ríomhphost; setiabudialmed@gmail.com le haghaidh aon fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil. le do thoil go bhfuil sí an t-aon duine iontaofa agus iontaofa.
    Go raibh maith agat.

    ReplyDelete