13 Feabhra 2016

bandacht

Tá cúnamh ag teastáil uaim leis an ortha seo!

Tá ortha ag bun an leathanaigh 129v sa LS 72.1.2 in Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Deir an cuntas catalóige gurb é atá ann ná "charm to protect the vulva, beg. Bir Bran ar leor meor."

Tá an chéad chuid dá bhfuil scríofa sách éasca a léamh:

bir * bran * ar * leor * meor* Scríb so an slait caotrainn 7 cuir fo cosib mna 7 ni fathar banndacht …

Níl mé cinnte ach is dóigh liom gur leagan malartach de "faightear" is ea "fathar".

Ach maidir leis an gcuid eile de, ní féidir liom bun nó barr a dhéanamh de:

1 comment:

  1. Shamlóinn gur cinéal Hocus pocus atá i gceist leis na focail atá le scríobh ar slat caorthainn agus cuir faoi chosa mnaoi.

    http://edil.qub.ac.uk/5337
    ML fathar féach:
    http://edil.qub.ac.uk/21366
    Meas tú an nífear a bandacht atá i gceist?

    ReplyDelete